School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eóin a [?] a chúm é seo. Breathnach ón gCoimín thior i mBreanndán Cois an Ché a b'eadh é agus fear ná raibh riamh ar scoil naísiúnta. Cailleadh é timcheall 60 bliadhan ó shoin. Chúm sé a lán amhráin eile atá thiar i mBreandán fós
Fear a bhí ag aodharacht caorach i ngleann ar shleosaib Chnoc Bhréanain ab'eadh Seán Ó Liathaithe. Bhí sé pósta agus tigín beag aige agus é na aonar i b'fad ó aon comharsanacht.
Dréir deallramh go raibh sé dicheallach misneamhail agus go maith chun mairceachtaint a bhaint amach cé gur fiadhain lom an áit a raibh sé na comhnuighe.
I
"Sé Seán ó Liathaithe an Scafaire
An buachaill áluinn toirbheach
gur cuir sé roimis maireacthaint
Ar bharra Mhacha a' Mhaoil
Do thug sé leis ón b'fairrge
Sleabhacán áluinn toirbheach
Agus nuair thá sé treasgartha
Níl aoinne mbun é dhúl
II
Lá breagh aoibhinn aerach
ag gabhál amach chun sleibhe dho
ag tógaint cuirtín aol-bhuig
do fhéin is dhá mhíle stór
[?] ar a thaobh deas
i dfhonn a bheith ag aodhracht
agus anois ó tá sé feúrtha
níl aoinne teacht na threó(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó hAiniféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Informant
- Carbruithe Mhac Aodhagain
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Fhianait, Co. Chiarraí