Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Suíomh:
Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó hAiniféin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Na Seantomhasanna Talún is eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) do thalamh. Tomhostaí an talamh le Rann (Ramhan) i.e. siubhal aon coise amháin Faid 5' 3".
    Acra seadh píosa talmhan 80 ramhain ar fhaid agus 32 ramhain ar leithead, ceathrú 80×8, leath 80×16.
    4 Ramhainne = 1 Péirse
    25 Ramhainne ar faid agus 1 Ramhain ar leithead sin Téad
    8 Ťéada sin céud talmhan
    40 téad seadh stang
    4 stanga seadh acra,
    160 téad = acra,
    20 céud = acra.
    2) Tómhas Faid
    Leath-chromtha an tómhas ba lugha - 1/2 fhaid na méire fhada = 2 3/4 órlaighe
    Cromtha - Faid na méire fada = 5 1/2 órlaighe
    4 cromtha = bannlomha =
    Bann-lomha = 22 órlach
    Do phlainín a deintí sa bhaile a bhíodh an Tómhas so,
    Slat adhmad a bhíodh aca don bhannlomha agus an lámh don Cromtha.
    3) Coca in iothlain a bhíodh deich bhfeádh na thimcheall ba cheart go mbéadh 3 thonna féir ann ach ba cheart don choca bheith deagh-chumtha
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hAiniféin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Trá Lí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Carbruithe Mhac Aodhagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Fhianait, Co. Chiarraí