Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Suíomh:
Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó hAiniféin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “An Firín Beag Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Feirmeóir go raibh éad aige lena a bhuachaill aimsire toisc go (?) ró-mhór a bheith ag an nduine bocht agus níor b'iongadh san bíodh lá oibre déanta aige roimh a bhreicfeast ar maidin.
    Ar seisean leis an mbuachaill lá:-
    B'fearr liom ná mo chapaill agus ná
    Baile-na-Buaile * go mbeadh mo ghoile
    'gam chómh maith leis a mbuachaill

    ars an buachaill á fhreagairt

    Dá n-eireócthá-sa ar maidin
    Agus do chapaill a ghléasadh
    Nó dul 'an sgioból agus do ghreas a bhualadh
    Is annsan seadh bheadh do ghoile 'gat cómh maith leis a mbuachaill.

    * Tá Baile-na-Buaile in aice an Daingin - míle ar an dtaobh-tuaidh de agus is deallrathach gur leis an áit sin a bhaineann an Ruacán so.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hAiniféin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Trá Lí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Carbruithe Mhac Aodhagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Fhianait, Co. Chiarraí