Scoil: St. Michael's Clooncunny (uimhir rolla 14589)

Suíomh:
Cluain Connaidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Úna, Bean Uí Stondúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0188, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0188, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: St. Michael's Clooncunny
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do ritheas agus do fuaireas
    Do chuarduigheas agus ní fhuaireas
    Dá bhfaghainn é ní bhéargainn liom é
    ní fhuaireas é agus do rugas liom é
    Freagra (dealg)
    Gé roimh ghé. Gé indiaidh gé
    Ge idir dhá ghé
    Gé roimh dhá ghé, ge i ndiaid dhá ghé
    Dhá ghé roimh ghé, dhá ghé indiaidh gé
    Cé méid ge ann
    Trí cinn
    Beirt fhear de mhuinntir Chró
    ag baint slat lá ceó
    An t-slat a bhainidís ní bheiridís leó
    Acht an t-slat nach mbainidís bheiridís leo
    Fregra (dá phreachán ag baint cleití díobh féin)
    Chuaidh caora isteach i mbearnain
    Céad caora eile an maor 's amhadadh
    Cé méad cos é sin?
    Dhá chois
    Tháinic sé isteach ar dhruim na ndaoine
    agus chuaidh sé amach chomh mín le síoda
    Móin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge