Scoil: St. Michael's Clooncunny (uimhir rolla 14589)
- Suíomh:
- Cluain Connaidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Úna, Bean Uí Stondúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh sí soir agus chuaidh sí siar
Chuaidh sí in gaírdíni Bhaile Átha Cliath
Ba mhó é a greim ná gréim capaill.
Bain sí plaic chomh mór le asal.
Agus ní bhlaisfeadh sí aon biadh
(Speal)Ní fuil is ní feoil is ní chnámh é.
As fuil agus feoil a d'fhás sé
Bain an ceann de agus gléas deoch dó
Is deanfaidh sé reidreach idir dhá náimhaid
(Cleite pheann)Lán na páirce de bhuaibh bána
Is bó mór dhearg eatortha is tigh.
(Do chuid fiacal 7 do theanga)Rud beag dearg a bhí ag fás ar chrann;
Chonnaic beirt é. Bháin ciugear é;
Changail dáréag é 7 big aon duine amhain siar é
(Ubhall)Bíonn sé sa mhóinfeár 7 ní baintear é
Bíonn sé sa tsiopa 7 ní díoltar é
Solus na greine.Címse é agus ní fheiceann tusa é 7 is giorra duitse é ná dhomsa -
(cul do chinn)(leanann ar an chéad leathanach eile)