Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0607

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0607

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0607
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an "Gadaidh Dubh" a' dul thar abhainn agus bó ghoidhthe aige, agus bhí sé 'cinnt air an bhó a chuir trí an abhainn.
    Bhreathniogh sé thart agus bhí maide críona chuilinn aige. D'fiafruigh an Gadaidh dó cé'n ciall dhó beith annsin.
    "Is mise a rugadh Dé hAoine agus a báisteadh Dé hAoine, agus a fuair bás Dé hAoine!"
    "Is tú mo mhach-sa" adeir an Gadaidh dubh.
    "Is mise" adeir sé.
    "Cé'n ciall thú bheith annsin?" a deir an Gadaidh Dubh.
    "Tá mé annseo" adeir sé "dó bárr a bhfuil deanta agat-sa. Ní'l aon dán seo a fhagháil dhom go bhfásadh craobh ghlas as a' maide seo".
    "Well", adeir a' Gadaidh Dubh. "is córa dhom-sa a bheith annsin ná duit-sa, má's ar mo shon-sa atá tú ann."
    "Chuaidh an Gadaidh Dubh amach agus chuir sé as é. Rug sé ar a mhaidhe agus sé 'san abainn, agus ar maidin lár ar máireach bhí craobh ghlas fásta as a' mhaide agus bhí siad sábháilt faoi go dtug sé (an Gadaidh Dubh) an breith agus go ndeacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Phádraig
    Inscne
    Fireann