Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0604

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0604

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0604
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Is fear láidre ná Dia a chuireas fad siar"
    Bhí fear i sráid bhaile s'againne uair dárbh ainm "Micky Riascach" agus thóg sé seomra fad siar le na theach agus bhí uathbhás ar na comharsanna agus chómhairleadar dó gan bacadh le na leithead tosg an seanfhocal; bhí Micky ceann dána thug sé cluas bodhar ortha agus in aoirde leis an seomra agus mo léan ba dhaor a dhíol "Micky" bocht as mar an tarna oidhche tar éis do'n díion do chuir air, a leithead rí rá is ruaille buaille a cloiseadh ó'n t-seomra nuadh déanta níor chuala ariamh go dtí sin.
    Bhí scannradh ar gach duine sa teach ach amháin ar "Micky" - bhí sé chómh ceann dána agus chómh roighin sin is nár stopadh sé go gcodluigheadh sé i seomra na dtaibhse. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. buaileadh tinn é i lár na h-oidhche. Níltear cinnte an taibhse nó taise a chonnaic sé nó arbh é an torann mór a chur as do ach fuair sé bás ar an oidhche sin.
    "Go ndeanaidh Dia trócaire ar a anamh"
    Fuair mé ó mo sean-athair é (Séan Mac Énri)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Níc Énrí
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Énrí
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann