Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0599
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí naoimh ann agus bhí siad in a gcómhnaidhe i gCurraigh. Bhí muileann acu ag meilt salann agus gach gléas fá n-a coinne. Ní raibh dhath salainn sa bhFrainnc agus chuir muinntir na Frainnce sgéal chuig na naomhaibh fá coinne iasachta an mhuilinn.
Chuir na naoimh freagra chuca go raibh iasacht an mhuilinn le fághail acu Táinigh na Franncaigh agus fuair siad an muileann, tug siad isteach ar bhord na luinge é agus d’imthigh leo. Bhí an oiread sin práidhinne orthu an salann a dheanamh nár fhan said go raibh siad sa bhaile i bhFrainc, agus cuir siad an muileann a dh’obair agus iad leath-bealaigh idir Éirinn agus an Fhràinnc. Níorb fhada go raibh an soitheach líonta de shalann acu. Ach rinne siad dearmad a fhiafruighe de’n naomh an chaoi leis an muileann a stopadh. Ní raibh siad in ann é a stopadh agus sa deireadh chuaidh an long go tóin na fairrge, go dtí an lá atá ann indiú tá sé ag meilt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Níc Énrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ruadh
- Inscne
- Fireann