Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0597
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí naomh ann fadó agus chuaidh sé isteach sa gcoill, scríob rúta de’n choill é agus bhain sé plannc muar amach as a colpa. Thug sé abhaile leis é ar a bhais, agus rinne sé trí páirt dó, agus chuir sé isteach faoi bhéal trí soithighe é, smut faoi gach soitheach. Dubhairt sé le n-a mnaoi, ar a bás agus ar a beatha, go ceann trí mhí - nó ceithre - gan baint le haon tsaitheach aca sin, gan aon cur isteach a chuir orra. Dubhairt sí nach ndéanfadh.
Lá amháin nuair d’imthigh a fear céile ag fionnachoscairt dó féin, an dia mé gur thóg a’ bhean anáirde béal soithigh go mbeadh fhios aici cad a bhí fé - mar tá’n donas ar na mná - ba mhaith leo gach ní, cúntas a bheith aca air. Ní fheaca sí faic ach an blúire feóla. “Muise dith ort,” ar sise, “chuig bheith badarálta le bheith bhur dtógaint anáirde,” ghá scaoileadh anuas agus ghá fhágaint mar sin.
Nuair bhí an aimsear a cheap sé do’n t-soitheach. istigh, bhí sé thuas cois na teineadh agus dubhairt sé le na mnaoi dul síos agus béal soitheach a thógaint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Níc Énrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tom Paddy Johnnie
- Inscne
- Fireann