Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0586
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín ann uair amháin agus bhí sí timcheall dhá bhlian déag d'aois agus "Júile" an t-ainm a bhí uirthí. Bhí "Júile" ag dhul ar scoil agus théigeadh sí thar dorus a'leasa gach aon lá.
Lá amháin tháinig bainríoghan amach ruímpí - bainríoghan an leasa a bhí ann - agus ghlaoidh sí isteach ar an ngearrachaile. Thug sí isteach í is chuir sí a luasga 'n chliabháin í. Bhíodh is a'meallá is ag tabhairt rudaí deasa dí go dtáinig na scoláirí abhaile. Scaoil sí abhaile annsin í agus dubhairt sí leithí gan aon rud a innsint sa bhaile, agus teacht amáireach aríst.
An tarna lá do chuaidh an cailín isteach sa lios agus bhí sí ag luasgadh an cliadhbháin fé mar a bhí an chéad lá. Bhí an scéal mar sín ar feadh roinnt laethanta agus lá amháin d'iarr an muinteór ar athar Júile cé'n fáth nach raibh Júile ag dhul ar scoil. Dubairt an t-athar gur imthigh sí chun na scoile gach aon lá.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire S. Níc Dhuarcháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Kate Mathew
- Inscne
- Baineann