Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0574

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0574

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0574
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cuimhin agam go maith ar an oidhche úd i lár an Gheimhridh. Do thuit adhbhar sneachtaigh i dtosach an oidhche agus bhí an talamh clúdaithe in dhiaidh sin go thuil sioc ar an sneachta. Oidhche spéir gealaighe a b'ead é.
    Do tógadh na capaill amach as an tighthe an oidhche sin i nDrombán agus i gCurraigh Thoir. Bhí rian cosa na gcapall le feicsint taobh amuigh de na doirse ar maidin. Nuair a d'éirigh na daoine ar maidin bhí "print" na gcos annsan sa tsneachta. Bhí cúrsa ráis ansan acu ó na mBocht go dtí an teampall, agus bhí a rian go soiléir a' dul isteach 's amach ann. Bhí an rian ar fuaid na ngort. Chonnaic mé féin é agus chonnaic an saol é agus chuala na daoine e.
    Bhí m'athair ar bhóthar go dtí Tobair A' Coire an oidhche sin agus bhí iongantas ar gach duine nach bfacha sé iad acht ní fhaca.
    Bhí buachaill ó'n mbaile seo thíos, a bhíodh ag imteacht 'n-a dteannta agus bhí sé le na gcois, an oidhche sin. Dubhairt sé, nuair a bhíodar ag imteacht ar séirse an bóthar siar, go raibh bó le muinntir breathnach ar an mbótar rómpa agus gur leag sí capall is marcach, "acht ní leaffaidh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Níc Énrí
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bid Leonard
    Inscne
    Ní fios