Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0568
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr cailín ann fad ó shoin i mbaile an Churraigh. Tháinic Oidhche Shamhna agus shocruigheadar go ndéanfadh siad cleas. Rinne siad sin. D’imthigh an triúr agus fuair trí buicéidhibh uisge as teorannta trí bailte. Thug siad leó abhaile iad go teach cailín aca seo agus chuir siad an t-uisge i gcuideacht a chéile i dtubán agus nigheadar a gcuid léinteach ann i n-ainm an Aidhbheirseóra is chuireadar ar thrí chúl cathaoireach dá dtriomú iad. D’fhágadar tábla bídh agus dighe réidh i lár na cistinnighe fá choinne an té a thiocfadh isteach a shuipear a dhéanamh. Chuaidh an triúr aca ’na luighe annsin i leabaidh na cistinnighe. Bhí bean amháin aca ag congbháilt a súl amach go bhfeicfeadh sí cé a thiocfadh. Tháinic buachaill amháin isteach sa meadhon oidhche agus thionntuigh sé taobh léine an chailín a bhí dúisighthe chuig an teinidh. Shuidh sé ag an mbord agus d’ith sé a dhothain. Cén uair nó cé’n t-am a raibh siad ag fághail réidh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éibhlín Ní Flannabhra
- Inscne
- Baineann