Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0553

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0553

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0553
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann uair amháin agus chuaidh sí amach oidhche agus cnáimhín feola ghá ithe aici. Ní raibh fhios aici cé’n tráth de’n oidhche a bhí ann mar ní raibh clog aici. Bhí na h-iascairí go léir amuigh ar an bhfairrge agus do shuidh an bhean seo cois chladaigh agus bhí sí ag baint greim as an gcnámh. Ba ghearr go bfacha sí an sluagh (?mór) mharcaigh is coisithe ag déanamh uirthi. Bhí fear in a measg a bhí ag siubhal, is d’aithin sí é is do tháinig sé i léith chúici ag caint léi, is dubhairt sé nár cheart dí bheith ag ithe amuigh san am sin is é chomh déannach
    Le linn do’n bhfear sin a bheith ag cainnt léi do ghabh fear anuas chúcha a’ siubhal is gan faoi ach aon chos amháin is é ag imteacht leis ar an gcuma sin.
    “Cé hé sin, nó cad é an saghas duine é?” arsan bean leis an bhfear a bhí ag cainnt léi, “nach bhfuil acht aon chos amháin fé?”
    “Sin é an Chinniúint,” arsa fear eile, “is ní chuireann sé a chos faoi, agus is maith an bhail ort mise bheith annseo mar bheadh an buille builte ort. D’imthigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séan Bán
    Inscne
    Fireann