Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0543

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0543

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0543
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann fadó agus bhí sé an-thinn ar fad. Oidhche amháin bhí na comharsan istigh ag tabhairt aire dó mar síleadar go gcaillfidhe an oidhche sin é, mar bhí sé an lag ar fad. Shín sé siar sa leabaidh agus cheapadar go raibh sé caillte ar fad. Timcheall uair a chluig no mar sin in a dhiaidh sin chuir sé sgearta - reacht - mór gáire as.
    Dubhairt cuid de na daoine gur ins na sideógaibh a bhí sé, agus do comhrluigheadar don máthair iarraidh air, ar maidin cé’n fáth a bhí sé ag gáire an oidhche sin. Lá ar na bhárach d’fhiafruigh an máthair dhe cé’n fáth a bhí sé ag gáire agus dubhairt sé léi go raibh Seán Ó Dubhtaigh ag teacht abhaile ó’n siopa agus canna ar mullach a chinn aige, agus gur togadh an canna dá cheann agus gur buaileadh ar a bhéal faoi é ar an mbóthar agus sin é an fáth a bhí leis an ngáire.
    Níor mhair an buachaill i bhfad na dhiaidh. Cailleadh é agus lá an t-socraid do chonnaiceas Seán Ó Dubhthaigh agus d’fhiafruigh duine éigin de an bhfíor an sgéal é - ag innsint an sgéal dó. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire S. Níc Dhuarcháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Jim Paddy
    Inscne
    Fireann