Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0541

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0541

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0541
  3. XML “Scéalta Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rí ann fadó agus bhí inghean aige. Bhí gort mór coirce aige agus cur an rí mar chúram ar an inghean na h-éin do ruaigirt as. Cáilín cráibhtheach a bhí innti a bhí tugtha do phaidreóireacht. Chíodh sí an Mhaighdean Mhuire uaireannta agus bhíodh sí brionglóideach gan áird aici ar a mbíodh in a timcheall. Mhillidís na h-éin an coirce agus bhíodh a h-athair ar buile chuici agus gheibheadh sí griosáil maith uaidh.
    Chuir sí paidir leis an Mhaighdin Muire go bhfeicfeadh sí chuige nach dtiocfadh na h-éanacha le linn a paidreacha. Chualaidh sí mar cogar:— “Fág doras an sgiobóil ar fhoscailt” Rinne sí amhlaidh agus ní raibh éan ó’n ndreóilín go dtí an iolar nár bhailigh isteach sa sgioból, agus d’fhan siad ann nó go raibh na paidreacha ráidhte.
    Nuair dfhás sí suas bhí sí maisiúl agus thug fear saidhbhear grádh dhí. Bhí a h-athair sásta ach ní raibh sé in intinn an chailín pósadh. Uair dá dtáinig an fear ar chuairt chuici d’fhiafruigh sí dhe, cé’n fath a dtug sé grádh chómh mór sin dí
    “Mar gheall ar do shúile gorma breaghtha” ar seisean
    Fuair sí oirlis agus bhain sí amach a dá shúil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maire S. Níc Dhuarcáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mike Tom John
    Inscne
    Fireann