Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0527
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean saidhbhear na chómhnaidhe timcheall na h-áite seo uair amháin. Lá amháin bhuail bean deirce isteach chuicí. D’iarr an bhean saidhbhear uirrí an raibh níos mó ná aon ghúna aice le caitheamh agus dubhairt sí nach raibh. Thug an bhean saidhbhear ceann dá chótaí féin dí.
Ní fada na dhiaidh sin go bhfuair an bhean saidhbhear bás agus tháinic a bheirt inghean ag triall ar an éadach a bhí fágtha aice. Rugadar leó é. Tháinig an máthair chuca na dhiaidh sin agus ar sise, “Deamhan pioch tairbhe a bhfuaireas as an méid éadaigh a bhí agam acht tairbhe an chóta tugas don mbean bhocht. Nuair bios ag déanamh ar an dteine agus i lasta rómhamh caitheadh an cóta san teine rómham agus múcadh é. Ní bhfuaireas aon maitheas as an éadach a fuair an bheirt agaibhse, mar níor cuireadh le’m anam é.”- Bailitheoir
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micky Mac Seón
- Inscne
- Fireann