Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0520
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí a lán bó aici. Lá amháin tháinic bean deirce chuig an sráidbhaile agus í ag iarraidh déirce i ngach teach, ach dubhairt muinntir an sráidbhaile gan dhul chuig teach na mná sin, ach níor thug sí aon áird orra. Chuaidh sí chuig an teach ach níor thug bean a’ tighe aon áird uirri ná níor thug sí aon déirc dí.
An oidhche ’na dhiaidh sin bhí broinglóid ag an mnaoi saidhbhear agus b’fhacthas dí go raibh sí i bpurgóid. D’fhiafruigh a aingeal treóruigh dí ar thug sí aon déirc do na daoine bochta ar feadh a saoghal a muchóchadh an teine dí agus dubhairt sí nár thug. Chuardaigh sí annsin agus fuair sí gúna sin ar an gcéad teine agus muchadh é. Annsin gheibheann sí ceirtlín snáithe a dtug sí do cómharsan agus do mhuchaigh sé sin an dara teine.
Ní raibh sí in don aon rud eile a fhágháil agus bhí uirri siubhal tríd an treas teine, agus dóigheadh ceann dá taobhanna ó bun go bárr. Dhúisigh sí annsin agus bhí sí an-tinn de bhárr na dóighte. Bhí uirri dul chuig an otharlann ach bhí biseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Inscne
- Baineann