Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0518

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0518

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0518
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht ann uair amháin agus bhí cúig punt aige, agus ní raibh fhios aige cé dó a dtiubhradh sé an cúig punt le cur i draisge dhó. Bhí sé, lá, ag siubhal an bhóthair agus cé casadh leis, acht an Tighearna Dia.
    "Ce h.é tusa"? ars an fear bocht.
    "Tusa an fear a driubhra mé mo chúig punta as le coimead dom."
    "Coinneóchaidh misa duit é" ars an Tighearna.
    Thug an fear an cúig punt dí agus sgaradar le chéile.
    Ins an teach a ndeachaidh an fear bocht ar lóistín ann. Ins an oidhche, nuair tháinig am suipéir, d'fiafruigh fear an tighe dá mhnaoi a raibh sí ag réidteach greim suipéir.
    "Níl againn acht béile" ar sise leis agus má itheamuid anocht é ní bhéidh greim againn le h-aghaidh an lae amáirigh."
    "Réidhtigh an suipéar agus itheamuid anocht" ars an bhfear "agus bhéarfaidh Dia ár sáith dúinn ar maidin.
    An dara oidhche bí sé ar lóistín i dteach eile agus bhí an cainnt céadhna aca. Chuimhnigh an fear bocht in a chroidhe go raibh fiacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire S. Níc Dhuarcáin
    Inscne
    Baineann