Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0515

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0515

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0515
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chómhnaidhe i gCo Shligigh uair amháín. Oidhche dubh dorcha agus é ag teacht abhaile ar a chapall bhí air dul tré choill mhóir . Nuair a bhí sé istigh i lár na coille tháinig car mór bán amach roimhe agus thug sé fogha faoi na mhuinéal . Choinnigh an fear amach uaidh é leis na laisge a bhí in a láimh aige agus laisg sé é agus laisg sé é gur thuit sé mín marbh ag a chosai. Sul a imtigh an dé deiridh as labhair sé agus dubhairt leis an bhfear.
    'Nuair a ghabhfas tú abhaile innis do leaduide na luaithe gur mharbuigh tu Rí - chat na Páirce". Bhí go maith , nuair a chuaidh an fear abhaile d'innis sé an sgeál dá mhnaoí agus do chuid pháisdí . Bhí caitín beag sa teallach , d'éirigh sé de léim agus bheir se greim muinéil ar an bhfear agus tharraing sé an píobán as . Chuaidh an cat amach do léim tríd an bhfuinneóig agus ní fhachthas ariamh ó shoin é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Innéacs seanscéalta
    AT0113A: King of the Cats is Dead
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire S. Níc Duarcháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Biddy Mc Gee
    Inscne
    Baineann