Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0509

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0509

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0509
  3. XML “Pisreoga Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní cheart fad siar a chur as an dteach.
    Má bhíonn duine ag dul go h-áit ar bith agus má gheibheann cruidh chapaill ar an mbóthar beidh an t-ádh air.
    Má gheibheann duine biorán ar an mbóthar is ceart comhartha na Croise a dhéanamh faoi trí uaire agus beidh an t-ádh ar an duine sin.
    Má éirigheann an tuille ar an gcéad oidhche sa mblian beidh chuile rud daor an bhlian sin.
    Má thagann an chuach ar chrann gan duilleóig díol do bhó agus ceannaigh ádhbhar.
    Má tagann bláthanna an t-Samhraidh go luath sa mblian beidh droch aimsir ann ar freadh na bliana.
    Má bhíonn Dia Dómhnaigh bréag bíonn an seachtmhain fliuch.
    Nuair a bhíonnpáiste san gcliabhán is ceart tlú a chur treasna an chliabháin nuair a fhágtar an páiste ina aonar.
    Is ceart smugairle a chur ar pháiste nua.
    Is ceart fuil a dhoirteadh i gcóir Lá Fhéile Mhartáin.
    Ní cheart stocaí a dhóigheadh.
    Níl sé sona cúl sgiorta a dhóigheadh.
    Deirtear nach ceart uisge na gcos a choinneál sa tigh ar feadh na h-oídhche.
    Deirtear go mbíonn ádh i sparán easóige.
    Dá dtagadh cat dubh isteach i dteach agus dá d'fhanadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Éalbháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Áine Hennigan
    Inscne
    Baineann