Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0505
- XML “Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósadh an Dómhnaigh bíonn sé brónach.
Luan an tsláinte.
Dia Mairt na táinte.
Dia Céadaoin an lá do b'fhearr.
Dargaoin an bhróin.
Dia hAoine an mhí-árdha.
Dia Sathairn an lá is measa.
Seo iad na rudaí gur ceart a bheith ag "bean céile"
Sean rud
Rud nua
Rud ar iasacht
Rud guirm.
Is ceart cáca min-tíre a bhriseadh agus a chraith ar an mnaoi.
An chéad duine a théigheas isteach san séipéal beidh an saoghal is fuide aige.
Is ceart iarann nó rud seasmhach a cheannacht leis an airgead i gcóir an phósadh
Ní cheart don "bhean pósta nua" a filleadh abhaile go teach a máthar go ceann míosa tar éis an pósadh.
Má cídhtear dá spúnóig i gcupán beidh bainis ann sar i bhfad.
Má dhéanann duine dearmad ar a miotóga ní phósfar an bhlian sin é.
Nuair a bhíonn beirt ag dul chuig an séipéal le beirt pósta is ceart cupán a bhriseadh.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Éalbháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Thomas Pat Tom
- Inscne
- Fireann