Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Féilte na Bliana - Lá Fhéile Seáin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Daoine an-aerach do b'eadh na sean-daoine. Idir buachallaí agus cailíní ní bhíodh aon nídh ag dul uatha. Ar an 24adh lá de Meitheamh dheinidís teintreacha cnámha. Caithidís an lá roimh ré ag bailiú adhbhar teintreacha. Bíodh spórt an domhain aca ag dul mór thimcheall na h-áite ag tógaint nó uaireannta ag goid tor aitinn agus géaga feochta annso agus annsúd i slighe go mbeadh teintreacha móra aca nuair a thiocfad an tráthnóna. Chuiridís cnámha d'aon ainmhidhe a fuair bás ortha i rith na bliana isteach sa teine. Bidhidís dhá n-iarraidh léimnig treasna na teine annsan chun spórt beith aca.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Scannaill
Inscne
baineann
Seoladh
Garrane West, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Míchael Ó Griobhtha
Inscne
fireann
Aois
68
Seoladh
Garrane West, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge