Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (C.)
  2. XML Leathanach 409
  3. XML “Féilte na Bliana - Lá Fhéile Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Glaodhtar "Lá an Dreólín sa ceanntar seo air. Fadó téigheadh na buacaillí mór thímpeall na h-áite agus bailighidís beagánín airgid in gach tig chun an dreólín do bheiriú.
    Déanaidís uaig beag agus cuiridís an dreólín isteach ínnte i ndeire an laé. Téigheadh sgata buachaillí mór thímpeall le ceile agus bíodh uirlis ceóil ag gach duine díobh agus aoine ná bhíodh uirlis cheóil aige bíodh sé ag amhránuidheacht agus seo ceann de's na h-amhrán a bhíodh aca:-

    "Dreólín, Dreólín, a fuaras san Innse,
    Fé bhéal carraige agus carrabhát síoda air,
    Chughaibhse a thugaimse a lánamhan tíghe-seo,
    Agus gurb' seacht fearr an Nodhlag seo arís chughainn

    Síle Máire Ní Dhuígín,
    Slínn,
    Cíll-Orglan
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Máire Ní Dhuígín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Orglan, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Sean P. Ó Duígín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    Cill Orglan, Co. Chiarraí