Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Féilte na Bliana - Dhá Lá Dhéag na Nollag

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

ó Mícheál de h-Ór
Tullach,
Cill-Orglan


DHÁ LÁ DÉAG NA NODLAG
Fadó nuair a bhíodh Nodlag le teacht glanadh na daoine a dtighthe. Annsan théighidís go dtí an baile mór agus cheannuighidís mórán rudaí ar nós:- tae, súicre, subh, feóil agus coinnle fada. Bíodh asail agus carr ag gach duine nách mór, agus bhíodh ciseáin aca.
Chuiridís an coinnle 'na sheasamh i lár an ciseáin agus chuiridís na rudaí eile isteach ann leis. Bíodh siad ag siubhal mór thimcheall na sráide agus ag caint le daoine a bualadh leó. Théighidís abhaile chomh luath sa tráthnóna agus a bféidir leó, ach dá fhanadh na sean mná sa t-sráid, bíodh na buacaillí óga ag imirt ortha agus ag déanamh spóirt dóibh.
An fhaid is a bhíodh na mná istig ag ceannach na rudaí thagadh na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní hEachthegeirn
Inscne
baineann
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Mícheál de hÓr
Inscne
fireann
Aois
73
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge