Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Nuair a bhídís críochnuighthe cuiridís píosa éadaig bán mór thímceall an dreóilín agus chuiridís i isteach i mbosca i mbosca beag. Annsan cuireadh duine acha an bosca ar a gualain agus leanadh na buacaillí eile é ar nós socraid. Chuiridís an bosca isteach in uaig beag agus dhúnaidís an uaig.

Gaol do Naomh Pádraig do b'eadh Naomh Mártain. Deireadh na sean-daoine gur ceart fola dhortadh an lá san. Marbhuighidís gé agus bó istig sa tig i dtreó is go mbíodh an fuil ar fuaid an urláir. Tá áth ag baint leis an nós so agus leanann na daoine é fós.


Eibhlín Ní Chathaláin
Leath-Fhearran
Cill-Orglan

Bailitheoir
Eibhlín Ní Chathaláin
Inscne
baineann
Seoladh
An Leathfhearann, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Mícheál Ó Cathaláin
Inscne
fireann
Aois
57
Seoladh
An Leathfhearann, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge