Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Féilte na Bliana - Lá Fhéile Peadar agus Pól

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 395

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lá 'le Peadar agus Pól


Bailigheadh na daoine go mbíodh bád aca le chéile i loc Cárthaighe timceall trí míle ó Cíll-Orglan agus bíodh rás na mbád aca. Tá áit ós chómhair Cromáin amac agus glaodhtar Ins (Inch) air agus radhadh na daoine go dtí an áit seo mar bíodh Patrún ann. Sé Patrún ná saghas aeraidheachta ag a mbíodh na daone óg agus aosta bailighthe le chéile cun amhránuidheacht bheith aca agus rínnce chómh maith. Bíodh gac saghas cluice ar siubhal ann. Má's rud é go mbíodh an lá go breágh téigheadh a lán díobh ag bádóireacht. Ithidís misleán toradh de gach saghas cístí mílse agus deinidís taé dóíbh féin ar an dtráigh.
Ní raibh deire leis an spórt agus an chaitheamh aimsire a bhíodh ann. Téigheadh na tínncéirí ann leis ó

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle Máire Ní Dhuígín
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Sean P. Ó Duígín
Inscne
fireann
Aois
86
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge