Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 390

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Uaireannta ní thógadh na seandaoine aon biadh ó trí a'chlog Aoine an Céásda go dtí breachadh an lae Domhnach Cásga.

Domhnach Cásga is mór an náire bheith gan feóil. Fadó bhíodh laoigh fheóil ag na daoine i gcóir an dinnéir Domhnach Cásga. Ghlachaidís Comaoine Naomhtha gach aon Domhnach Cásga. Chuiridís corcán uibheaca ar an dteine agus in aon áit in a bhfuil a lán daoine gheibhidís sliogán cun iad d'ithe.


" Ithe agus ól do'n Nodlag, agus éaduighe nuadh do'n gCásg
.
Fadó chaithidís éadaig nuadh an lá seo. Do bhíodh Domhnach Cásga ar nós " Aonach a Puic " anois. Ar maidin do théighidís go dtí an t-séipéil cun Aifrinn do chlos.
Do chaithidís an cuid eile de'n lá sa bhaile mhór ag rinnce, ag déanamh amhránuideacht agus ag caitheamh aimsire in gach slighe is a mbéidir leó.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní hEachthegeirn
Inscne
baineann
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Mícheál de hÓr
Inscne
fireann
Aois
73
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge