Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 389

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is sa t-am seo de'n bhlian a dheinidís na cleamhnaistí go léir. Má bíodh buachaill nú cailín in aois pósta in aon tigh bíodh na tuismigtheóra ag féichint amach cun cailín nú buachaill oireamhnach d'fhághailt dóibh. Is i dtig tábháirne a dheinidís na cleamhnaistí agus bíodh siad ag ithe agus ag ól. Nuair a bhíodh an cleamhnas déanta aca dhíolaidís an spré. Tugaidís beithidhig mar spré do'n lánamhain fadó mar is flúirsighe a bhíodh siad aca ná airgead.

Bailitheoir
Cáit Ní hEachthegeirn
Inscne
baineann
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Mícheál de hÓr
Inscne
fireann
Aois
73
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge

Fadó ní bíodh cead ag na daoine uibhe d'ithe ná bainne do cur ins an tae ar feadh Carrghase. Bíodh na dlighthe i bhfad níos déine ná mar átáid anois. Aimsear trosgaidh a bheadh Carrghais i gcomhnaí. Fadó choimeádidís na dlighthe a dhein an eaglais go beacht ansan bíodh eagla an domhain ortha na dlighthe do bhriseadh.

(leanann ar an chéad leathanach eile)