Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 386

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

íacal ortha a gcuid té d'ól dubh gan rían bainne uirthe. Níor bféidir leó ím do thógaint ná uibheaca do thógaint i gcóir na béilí. Téigheadh daoine go raibh chreideamh maith aca go h-Aifrinn an lá seo cun an luaithridh beannuighthe d'fhághailt.

Bíodh a lán meas ag na sean daoine ar Domhnach Cásga mar is an lá san a ais eirig Críost. Téigeadh na daoine go léir ag glacadh Comaoine Naomhta an lá seo. Deireann an sean fhocal "Domhnach Cásga is mór an náire bheith gan feóil" Bíodh laoigh fheóil aca i gcóir dínnéir.
Cuiridís síos corcán mór lán d'uibheaca an lá seo agus bíodh féasta mór aca. Itheadh siad na h-uibhe le sliogán mar ná bheadh spúineóga aca. Bíodh éadaighe nuadh aca i gcomhnuidhe Domhnach Cásga mar a deireann an sean-fhocal "Bíadh agus deoch do'n Nodhlag agus éadach nuadh do'n Cásg"

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle Máire Ní Dhuígín
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán P. Ó Dhuigín
Inscne
fireann
Aois
86
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge