Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Aspol mór na h-Éireann do b'eadh Pádraigh. Onóirimíd é ar an 17adh lá de Márta. Chaitheadh muintir na h-Éireann an t-seamrógín ar an lá seo mar is léi a mhúin sé an creideamh ceart do mhuintir na h-Éireann.

Téigheadh na cumman mór thímpeall na sráide ag mársáil fadó agus bíodh úirlis éigin cun ceóil a sheint ag gach duine díobh. Téigheadh duine rómpa a n-áirde ar capall agus bíodh an capall sin gléasta suas go deas le ribíní agus géaga glasa.

Tosnuigheadh Inid lá Nodhlag Beag agus críocnuigheadh sé ar lá roimh Céadaoin an Luaithridh sin Mart na h-Inide. Pósadh na daoine i rith na haimsire sin. Téigheadh na daoine go h-áit i bparóiste na Tuaithe ar a glaodhtar "An Patrún" agus dhéanadh siad na chleamhnaistí ansan. Dá gcífheadh fear ó'n áit seo bean ó áit eile oireamhnac i gcóir pósadh ní thagadh siad abhaile gan

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle Máire Ní Dhuígín
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán P. Ó Dhuigín
Inscne
fireann
Aois
86
Seoladh
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge