Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

rósta istigh ann mór-tímcheall do leacain. Athraigh gach cúpla uair é.
4. Nighe é le sugh go minic.
5. Dogadh biorán cnocála agus cuir isteach id'fhiacal é.
6. Faig clúdach orghinn nó corcháir cuir ar an dteine é agus fág mar sin é go dtí go mbeadh sé te. Ba cheart do'n duine dul isteach sa leabaidh agus an clúdach d'fágáilt agus píosa eadaigh olra a cuir mór-thimcheall air agus é cur suas leis an áit in a bhfuil an pian.

Slaghdán
1. Dein cairrigín glóthac. Cuir an carraigín ar bogadh in uisge fuar. Beirbhig i mbainne í go dtí go mbeidh sí tiugh. Sgag agus cuir siúcre air. Ith é nuair a bheidh sí fuar.
2. Tóg cupán bainne te go bhfuil piobar air agus teighir a codladh.
3. Do chosa d'ionnluig in uisce an-the.
4. Téighir amach sa móin-féir agus bailigh seamróg, tóg isteach agus righ í. Cuir sa corcán í agus cuir ar an dteine í in uisce beirbuighthe. Taraing gé mar a deintear le tae. Sgag agus cuir i mbuideal í. Cuir isteach maide

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Gobnait Ní Chonncubhair
Inscne
baineann
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seamus Ó Conncubhair
Inscne
fireann
Aois
66
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge