Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tinneas Boilg
1. Teighir amach san móir-féir agus faigh locán (ladhar) caisreabái, tóg isteach agus nigh é. Cuir síos ar an dteine i gcorcán uisge beirbhuighthe agus tarran(?) mar a deintear le tae. Sgag agus cuir i gcupán é, cuir súicre agus bainne air agus t-ól nuair a bíonn sé te.
2. Cuir clúdach orghinn ar an dteine, tóg aníos nuair a bheidh te. Ceangal eadach bog in a thímceall agus cuir ar an áir 'na bhfuil an pian.
3. Cimil tú féin le'd láimh.
4. Luighe in-aice na teine ar feadh tamaill.
5. Sín tú féin ar do bolg sa leabaidh cun leigheas d'fhágailt.

Tinneas Fiacal
1.Cuir píosa tobaic isteach sa fiacal go bhfuil an pain air. Fág annsan é go sgarfaidh an pian leat.
2. Cuir salann nó uisce te nó piobar isteach id'fiacal agus fág ann go ceann tamaill.
3. Ceangal píosa eadaigh go bhfuil prátaí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Gobnait Ní Chonncubhair
Inscne
baineann
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seamus Ó Conncubhair
Inscne
fireann
Aois
66
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge