Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dubhghlas (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 366

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Casacta.
1. Faigh carrigín agus beirbhig in uisce í. Nuair a bheidh sí beirbhighthe sgag í agus cuir candy aud maide milus isteach ann. Ól go minic í i rith an lae.
2. Beirbhig fíor-uisce agus cuir súicre bán isteach ann agus ól é cúpla uaire gach lá an faidh is a bheidh an casachta ort.
3. Ól cupán fíor-uisce gach maidin roimh do bhreacfast.
4. Ós rud é go mbíonn tú ag casacta cuir gráinne siúcre isteach id' béal agus beidh suaimneas agat.

Craos Galair
1. Ceannaigh mil agus cimil go maith le béal an leinbh é, go dtí go mbeidh an fuil ag teacht amach tríd.
2. Faigh im agus leadh i spúinneóg in aice na teine é, agus cimil le béal an leinbh é.
3. Tabhair isteach an gandil naoi maidin i ndiaidh a chéile agus é ag trosgadh agus leigh do a snál do shéid isteach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní hEachthegeirn
Inscne
baineann
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Siobhán Ní Chorcardha
Inscne
baineann
Aois
70
Seoladh
An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge