Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (C.)
  2. XML Leathanach 314
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí Rí sa domhan Thoir aon uair amháin. Lá áirighthe bhí sé ag gabháil an bhóthair le'n a chuid seirbhíseach.

    1. Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh: Mícheál Ó Gríobhtha.
    2. A Sheoladh: Gurrán,cill Orglan.
    3. A Aois: - 68.
    4. A ghairm-bheatha:- Feirmeoir.
    5. Cár tógadh é agus cár chaith sé a shaoghal: Gurrán, Cill Orglan.
    6. Ainm an duine ó'r chuala seisean an sgéal:- Pádraig Ó Théachaín.
    7. Cé mhéid bliadhan ó shoin:- 50 bl.
    8. Aois an duine eile fá'n tráth sin:- 70 bl.
    9. An áit a raibh an duine eile sin in'a chomhnuidhe:- Gurrán.
    10. An dáta ar a sgríobhadh an sgéal sa leabhar so:- 10/12/'37.
    Bhí Rí sa Domhan Thoir aon uair amháin. Lá áirighthe bhí sé ag gabháil an bhóthair le'n a chuid seirhbíseach. Bhuaileadar thar tigh breagh maiseamhail. "Cé chomhnuigheann annso?" arsa an Rígh. "Fear a thugann féasta do dhaoinibh saidhbhre," arsa duine dá chuallacht. "Cad a dheineann sé do dhaoinibh bochta?" "Ní thugann sé aon nídh dhóibh."
    An lá n-a dhiaidh sin chuir an Rí éadaighe stracaighthe air agus tháinig sé go dtí an tigh. Bhí an fear saidhbhir ag an ndoras roimhe. Nuair a chonnaic sé an Rígh, dubhairt sé "imthigh leat" nó tiocfaidh mo sheirbhísigh chun tú mharbú." D'imthigh an Rí leis féin. Lá eile chuir sé éadaighe stracuighthe air, ach chuir sé clóca áluinn d'ór agus d'airgead taobh amuigh dhe agus tháinig sé arís. Chuir an fear féasta mór roimhe. Shuidhe sé féin agus an Rígh chun bídh. Is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Garrán Thiar, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Garrán Thiar, Co. Chiarraí