Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (C.)
  2. XML Leathanach 313
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Comhnuighim i Leath Fhearann tímcheall míle ó Chill Orglan. Ceanntar beag deas iseadh é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deirtear go raibh ór le faghail iLeath Fhearann.
    Fadó chomhnuig bean, in áit éigin agus bhí taidhreamh aici.
    Do taisbéanadh di áit éigin n-a raibh ór.
    Dubhairt sí leis na daoine mór thimcheall na h-áite é agus d’iarradar uithi an áit do thaisbáint dóibh.
    Dubhairt sí go raibh sí sásta ach cuid de’n ór a thabairt di féin. Thosnuigheadar ar bhreacadh an lae, agus bhíodar a’siubhal ar feadh cheithre lá.
    Indeire an ceathramadh lae fuair an sean-bhean bás.
    Ach sar a chailleadh í do thaspeáin sí an phairc in a raibh an t-ór dóibh, ach níor dheineadar aon iarracht ar é d’fhagháil.
    Cupla bliain ó shoin deineadar iarracht ar é d’fhaghail ach ní bhfuaireadar aon nidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Dhuigín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Duigín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Orglan, Co. Chiarraí