Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (C.)
  2. XML Leathanach 307
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Leath-fearann an ainm atá ar mo bhaile fearann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fasann an féar go maith ann gach bliain.
    Fuair an Pháirc bhán a h-ainm mar bíonn bláthanna bána ag fás ann i gcomhnuidhe.
    Fuar Páirc Nell Teahen a h-ainm mar bhí bean 'n-a comhnuidhe ann uair amháin darb' ainm Eibhlín ní Théacháin.
    Tá cloch mhór ins an bpairc seo agus deirtear go mbíonn lampa ar lasadh ann gach oidhche, agus daoine ag imirt cartaí.
    Oidhche amháin bhí m'úncail ag teacht treasna na páirce sin, agus do chonnaic se an lampa ar lasadh, agus do lean an lampa é go dtí an doras agus annsan d'imtig sé airis.
    Fuair paircín Duigín a ainm mar tá sé ar aghaidh dhorais Donnchad Uí Dhuigín amach.
    Tá cloch mhór eile ins an gCoinnleach, agus deirtear go bhfuil ór curtha i bhfolach ann.
    Oidhche amháin bhí m'athair ag teacht abhaile tar eis bheith ag sgoruidheacht, agus do bhuail madra dubh leis ar an mbóthair.
    Do shiubhal an madra leis go dtí Crois Slinn, agus annsan d'imthig sé siar an bóthar go dtí Cromán.
    Eibhlín ní Chathalain,
    Leath Fhearann,
    Cill-Orglan,
    Co Chiarraidhé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chathaláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leathfhearann, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál S. Ó Cathaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Leathfhearann, Co. Chiarraí