Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 341
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí Eoghan Raudh Ó Súilliobháin ag gabháil a bóthar lá le sagart agus d'fhiafruigh an sagart d'Eoghan cathain a thiocfadh an chainnt do'n londubh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí beirt fhear ag gabháil a' bealach lá le'n a chéile agus d'fhiafruigh duine aca de'n duine eile conas a chuirfeadh sé na bhéarsaí le chéile, dubhairt an file gur fuirist iad a dhéanamh. Casadh caora ortha agus dubhairt an file: "Is breágh é do lomra , a chaora." Casadh bean ortha annsin agus dubhairt an file "Is breágh iad do dhá chíchnr, a bhean." Casadh faoileán ortha:- "Ar an dtráigh a chodhlann na faoileáin." Thánadar go garrdha slat agus dubhairt an file:- " 'Sa Gheimhreadh a fhightear iad san." " 'Sead" ars' an fear. "Nách í sin an bhéarsa déanta anois" ars' an file:-
    "Is breágh é do lomra, a chaora
    Is deas iad do dhá chíchnr, a bhean,
    Lus' an dtráigh a chodhlann na faoileáin,
    Agus ins' an nGeimhreadh a fhightear na slait."
    Caitlín Uí Dhonnchadha, Loch Cárrthaighe, Ciarraighe, ó bhéal-aithris, Máire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárrthaighe, Ciarraidhe, in aois a 70 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhonnachadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Rathaille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí