Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)

Suíomh:
An Baile Dubh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí duine uasal mór ann fadó agus do gaibh sé amach ag fíadhac. Do bhí sé lá agus oidhche ag fíadhac agus do tuit ceo air. Do cas sé i mullach cnuic a capall agus sé an áit a casadh é anuas ar bhruach trágha - do connaic sé soluisín roimis agus do dhein fé dhein an t soluis agus do connaic sé tigín annsan agus do dhein fé dhein an tighe. Do bhuail sí amuich agus d'oscail fear an tighe an doras do. "Ná bíodh aon eagla a fhir ort. An bhfágfá mise istig go lá táim amugha. Tar isteach agus míle fáilte romhat. Tabhairfaidh mé pé nidh atá agam duit. Gaibh sé buidheachas leis agus do thug sé pé nidh a bhí aige do le n-ithe. Nuair a bhí an meid sin deanta aige thug sé coirce dá capall agus do ceangail sé 'on doras é. Do bhíodar ag cainnt leó féin agus a bhí deire raidte acu cuaidh bean a tighe a codhladh. Ní fada an oidhche gur bhuail breoteacht leinbh bean an tighe. Sead lúthar éitear ag an bhfear bocht cad a dhéanfadh sé cun dul ag triall ar an ndoctúir. Ná biodh ceist ort ars an duine uasal. Is mise an fear tabharfidh chughat é sin gan mhoill. Tar siar ar mo culaibh agus ní bheam i bfadh d'imthigheadar ortha agus is ortha na raibh an moill ag tabhairt an doctúir leó. D'imthig an duine uasal amach féuchaint cad é an sort slighe a bheadh ag an leanbh a bhí ag teacht ar an saoghal. Is amhlaidh bhí sí geallta mar mnaoi pósta dó féin. Dimtigh sé isteach agus crith cos is lámh air. Labhair sé leis an ndoctúir agus dubhairt sé leis an bhféadfadh sé moill leath-uair an chluig a cur ar an leanbh agus dubhairt an dochtúir ná féadfadh. Bhí san go maith agus nuair a bhí an curam deanta ag an ndochtúir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge