Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)

Suíomh:
An Baile Dubh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Tigh na mBocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tig na mbocht i Liosceárnaigh. Ní dos na bocht a tógadh é. Ba le tíghearra talmhan darab ainm Hussey ar dtuis é. Ní raibh sí críochnuighthe i gceart nuair a tainig an gátar ar na daoine.
    Annsan tóg an Riaghaltas ar cíos ar feadh trí bliadhna é. An fhaid a bhí tig na mbocht dhá thógáilt san Daingeann agus dhá déanamh rúnach dóibh, agus tógadh as annsan iad. Bhí trí máistreacha agus ritheadh siad as ar áit gach lá leis an gleó a abhíodh aca. Bíodar a fághail báis cómh fluirseach san gur deineadh poll sa páirc agus caitheadh isteach ann iad.
    Tógadh amach arís iad agus cuireadh sa relig iad. Bhí séipeal mór ann leis agus deireadh Aifreann do leigheamh ann gach maidin.

    Muiris O'Conba
    Sliabh na h-Eórnan
    Clocán
    21 Eanair 1935
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    3. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris O Conba
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    An Baile Dubh, Co. Chiarraí