Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit i Lios na Mbó Bhán agus sé an ainm atá air ná Cnochán Eagcóir. Tugtar an ainmh sin air mar gheall ar an éagcóir deineadh ann fadó. Níl ann ach paiste beag úainnthe i lár portach ach tá sgéal ionghantach le hinnsint 'n-a thaobh.
Aon Domhnach amháin núair bhí na daoine ar an Aifreann do bhúail bodach isteach i dtig ann agus d'iarr sé aran ar bhean a tíghe. Dúbhairt sí ná raibh aon arán aice ach amháin an císte a bhí ar a dteine.
Sciob sé leis an císte agus dimig sé. Núair tháinig na fir abhaile dinnis sí an sgéal dóibh. Leanadar an bodach agus marbhuidar é. Núair chuala cáirde an bhodaig an méid sin bailuigheadar le chéile agus thánadar i gcoinnibh muinntir lios na Mbó Bhán chun an beart do shásamh. Búaileadh cath catartha agus deirtear gur marbhúigheadh "Seacht gcéad fear gan feasógaibh ortha" san áit sin. Sin é an fáth go dtugtar Cnochán Eagcóir ar an áit.- Faisnéiseoir
- Seamus Ághas
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Chiarraí