Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 501
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí in Éirinn fadó, gur b'ainm do 'Rí na Searrach'. Bhí aon mhac amháin aige gur b'ainm do 'Céarach'. Nuair bhí sé eirighte na aosánach do chuir a athair é go dtí 'Máighistir Pionnsa' ag foghluim lúth 's gaisce. Do cailleadh bean an Rí go h-óg, agus do chuimhnig sé ar hósadh arís. D'imigh sé lá, é féin 'sa dhaitine mhúinnteartha, chun bainrioghan do gholathar agus gcleamhnas do féin; agus ins an t-slighe dhóibh do casadh oria an bhean ba ghráinne dá bhfaca súil duine riamh. Tháinig sí i láthair an Rí, agus d'fhiarr sí air- an bpósfadh sé í, ach dábhairs sé ná déanfadh. Do ghlac ramharsa feirge í dá deasca san, agus chuir sí sneachta is sioc ar an dtalamh chóin trom san go rabhasar annsan ceangailte den sioc is den sneachta ar feadh trí lá 's trí n-oiche. Tháinig sí chuige arís, an tríomhadh lá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig d' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí