Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Mac Tiarna Sléibhe an Fhiolair agus Iarla Ráth Fhionáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do mhair lánamha bhocht ann fadó thiar ar Slaibh an Fholair.
    Bhí aon mhac amháin aca. Bhíodar ana bhocht. Ní raibh de thig aca ach poll idir dhá chloic. Do mhaireadar ar arán mine agus banne gabhar.
    Lá de's na laetheannta, dúbhairt an mac go gcaithfeadh sé féin gabháilt amach agus slíghe bheatha éicint d'fhagháilt do féin.
    Bhí an t-athair san mháthair a d'iarraidh é choineáilt ag baile, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann.
    D'imig sé air, 'on Daingean, is cheannuig sé culaith bhreag shlachtmhar éadaig, agus dhá chiarsúir síoda. Do chur sé air a chulaith éaduig nuadh agus na ciarsúirí 'na phoca chuige, is chuaidh sé go dtí na mhuinntir go léir 's a ghaolta, is f'fhág sé slán aca, agus seo leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bheag Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micil Ó Néil
    Inscne
    Fireann