Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fé mar a thagann se".
Nuair a tháinig an spric-lá, d'imígheadar le cois a chéile - an t-athair 'san mac. Bhíodar ag gluaiseacht leótha go dtangadar an áit gur dóigh leo bheadh an leac rómpa, agus ambasa, bhí sí annsan san áit cheannann céadna gan teip.
Do thógadar eatortha anáirde í, d'fheachadar isteach fúithi. Chonnacadar an staighre a dul síos. Phreabadar isteach agus síos leo.
D'fháiltig an duine ceadna a chonnaic an seanduine ar dtúis, rómpa.
Tháinig an bórd láithreach arís, agus gach aon t-saghas bídh air.
D'itheadar 's d'óladar ar aon a leór ndóthain i dteannta chéile, agus i gcionn lae dúbhairt fear a tíghe leis an seanduine eisean do bheith a' sul abhaile anois, agus leigint de'n mac cabhrú leis chun a dhóthain d'ór do chur ar barra chuige féin, agus nuair bheadh san séanta 'ca an mac do theacht tar nais arís chuige féin.
D'imthígheadar ortha. Chuireadar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann