Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Eas Luachra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin do bhí daoine ag baint fhéir i Muir-a-Gráin, is fuaireadar nead easluachrach. Do bhí ceithre cinn de rudaí óga sa nid aici. Nuair a chonnaic sí na fir ag feuchaint isteach sa nid, cheap sí go raibh na coileáin bheaga socair aca. Do bhí muga mór bhainne le h-ais an chlaidhe aca, agus bhest beag anuas ar a bhéal. Cad a dhein an t-eaisín ná an bhest do stracadh den mhuga agus trí no ceathair de shilí do chaitheamh isteach ann. Taréis aga bhig bhí na fir ag druideamhaint ó theorain na nide, agus nuair a fuair sí an lom air, tháinig sí a triall ar an nid, á fhiniúchadh arís.
    Nuair a fuair sí amach nár baineadh leis na heasaibh beaga óga do tháinig gan moill arís a triall ar an muga, agus dhoirt sí a raibh ann amach ar an dtalamh.
    Ba mhaith a bhail' ar na fearaibh oibre nár baineadar le na coileáin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Dubhda
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Murorgán, Co. Chiarraí