Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 166
- XML “Neoin”
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá neóin i Murrigrán ag dul ó bharra "Páirc Mhoynihan," thuas ar taobh an chnuic, síos go bruach na trágha - ag "Cuas na Catharach."Deirtear go bhféadfadh fear sé troig ar aoirde seasamh go díreach istig ann. Deirtear go bhfuil seacht gcéimeanna cloch a dul síos, ach dá dtéigheadh duine síos agus seasamh ar an seachtú céim (step) go ndúnfadh an áit thuas agus go mbéarfaí thíos air. Deirtear leis go bhfuil an áit istig na bheathaidh le cataibh fiaine a stracadh as a chéile éinne ragadh isteach.Na Danair a bhunaidh é: bhíodh sé mar áit stóir 's mar áit ealuighthe aca.Breanndán Ó Néil
Murrigrán- Faisnéiseoir
- Breanndán Ó Néil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Murorgán, Co. Chiarraí
(gan teideal)
“Ná téir isteach in aon tig maidin lae an Nodlaig gan rud éicint glas do thabhairt leat isteach as láim.”
Ná téir isteach in aon tig maidin Lae an Nodlaig gan rud éicint glas do thabhairt leat isteach ad láimh.( Diarmuid Ó Néil 60 bl. ó na mháthair ná maireann )- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Néil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
(gan teideal)
“Ná tabhair an sceach gheal isteach in aon tig leat aon am de'n bhliain nó deanfair díoghbhail duit féin nó den tig sin.”
Ná tabhair an sceach gheal isteach in aon tig leat, aon am de'n bhliain nó deanfair díoghbhail duit féin nó den tig sin. ( D O Néil 60 bl.)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Néil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
(gan teideal)
“Nuair a chídfir an spéir go geal glanm, agus an smúitéan las'tuaidh, bíodh súil le h-aimsir bhreag agat.”
Nuair a chídfir an spéír go geal glan, agus an Smúitéan las'tuaidh, bíodh súil le h-aimsir bhreag agat.( Mairtín Ó Dubhda 82 bl. )- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Dubhda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82