Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “An Bhean a Bhíodh ag Goid an Ime”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean i Lios na mBó Bhán fadó i bparóiste Chlocháin agus bhí cúig cinn de bha aici. Pé iomard a bhí ar na ba, d'éirig, uair, ná féudfadh sí aon ím a dhéanamh fútha.
    Do chuimhnig sí ar an Sagart, agus seó léithi is d'innis sí a scéal do. Cuir scéala a triall orm arsa an Sagart nuar a bheidh an chéad chuigeann eile á dhéanamh agat.
    Do chuir agus tháinig an Sagart. Dubhairt sé léithi buarthaidhe na mbó go léir dó bailiú 's do thabhairt a triall air. Nuair a bhíodar go léir aige, tháinig sé agus ceangail sé gach aon ceann riamh aca tímpeall an bharraille agus d'órduig sé dhi annsan é chasadh.
    An fhaid a bhí sí ag casadh bhí an Sagart a léigheamh. Ba ghearr gur chualadar an screadach go léir a déanamh fé na ndéin. Do thóg an Sagart a cheann, agus seó fé na dhéin an bhean agus agus í a scriachaig, agus "Scaoil mé! Scaoil me!" aici.
    Thug an Sagart fóirithint uirthi; agus bhí a fhios annsan ag bean a tighe cé bhí a' guid a cuid ime, agus bhí an scéal go maith aici, ó'n lá san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí