Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i Lios na Caolbhuidhe fadó agus lá amháin chuaidh sí ar an gcnoc ag féireacht a cuid caorach. Do shuidh sí síos in áit chluthmhair chompórdach, agus bhí sí a' feuchaint uaithi amach ar an bhfairrge.I lár an lae ghléighil, agus í ag breathnú amach, do chonnaic sí uiscí na farraige ag druideamhaint ó na chéile sa t-slighe go bhfeaca sí cathair áluinn na steille-bheathaidh san áit 'na mbíodh borradh fairrge riamh. Bhí sí ag feuchaint amach ar an gcathair 's á tabhairt fé ndeara ar feadh i bhfad.Nuair bhí sé a deánamh ar buille an mheadhon-lae, do thosnuig na h-uiscí ar bhorradh arís, agus ba gheárr go rabhadar ar teann rás cún a chéile arís, agus i gcionn aga bhid" (?) do dhúnadar isteach lé na chéile arí agus sloigeadar an chathair gan a tuairisc.Nuair a tháinig an bhean san abhaile do innis sí dá h-athair gach a bhfeaca sí: agus láithreach fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Siobhan bean Uí Gearailt
- Inscne
- Baineann