Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le cuimhne m'athar bhíodh fiadhuighthe de Mhuintir Mac Congaile ag teacht an dúthaigh seo chun sionnaig d'fhiach.
Bíodh gach aon t-saghas brocaire 's gaidhir aca chun dul isteach ins na pruaiseanna mar a mbídîs .
Lá amháin thugadar fé ndeara bean i gculaith Mná Riaghalta ar bharra Chuimin na gCnámh timpeall leath mhíle ar an dtaobh thuaidh de Cnoc Bhréanain. Dubhairt duine 'ca leis an bhfear eile go raghadh sé a triall uirthi chun labhairt léithi féachaint cad a bheadh uirthi; nó an dteastóchadh aon chabhair uaithi.
I lár an lae ghléighil ab eadh é seo, agus iad taréis teacht ó'n mBaile Mór an maidin Domhnaig sin, agus gan daonaighe tímpeall san am san ná raibh ag an aifreann I gClochán.
Seo leis an driotháir suas a triall uirthi,agus nuair a thainig sé tímpeall fiche slat di n'feadfadh sé dul chun chinn a thuille dá bhfuigheadh sé Éire air.
Thug sé iarracht ar chasadh tarnais ach n'fhéadfadh sé é sin a dhéanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47