Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Comharthaí”
  4. XML “Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Púcaí:
    Bhí fear de mhuinntir Ghearailt na Comhnuide ar an nDrom fadó i paróiste an Chlocháin, agus oidhche amháin do dóghadh cró ba dá raibh aige, agus an méid ba a bhí istig ann de dóghadh na steille-bheathaidh iad.
    Do bhí droch-amhras aige ar chomharsain do, ná raibh ró mhuinnteardha leis. D’imig an aimsir agus fuair an comharsa san bás.
    An oidhche bhí sé á thórramh, bhí an tig farrtha lán go bruach de dhaoine. I lár na h-oidhche d’eirig an fear marbh aniar ar an mbórd agus labhair sé agus dúbhairt nár b’é féin do dhóghaidh na ba. Chuir sé i dtuiscint dóibh an t-é a dhein é. Agus bhí bean istig agus chuir sí isteach air an fhaid a bhí sé a labhairt agus d’fhiafruig sí dhe an bhfeaca sé a máthair. Dúbhairt sé go bhfeaca, agus go raibh sí fé mar bhí sí riamh ar an saoghal so, ag crúdh ba na gcomharsan, agus go raibh sí na girrfiadh [= gearrfiadh] anois.
    Shín sé siar annsan, ‘s níor labhair sé a thuille.
    Máire Ní Leighin, 55 bl. ó na h-athair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Leighin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55