Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Féar an Ghorta”
  4. XML “Comhartha Báistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Féar an Ghorta
    Aon uair amháin bhí triúr nó ceathrar fear ag dul le cois a chéile go bainis a bhí le bheith thiar i mBaile na h-Abha.
    Triúr ó Ara-Ghleann, is duine ó’n dTír a b’eadh iad. Do chuireadar díobh chun a chnuic go moch ar maidin, agus sé an casán a thógadar ná Piaras siar. Do thóg duin’aca casán eile agus ba ghearr ná feacadar in aon treo é. Do chasadar thar nais, agus fuaireadar é tuitithe ar an gcasán agus é in deire an anama leis an ocras. Do loirg sé blúire aráin ortha má bhí sé ag éinne ’ca. Ar ádhbharaighe an domhain bhí, agus chómh luath is dh’ith sé an t-arán, bhí sé i gcorp na maitheasa arís. “Seachnuighidh an Féar Gortha”, ar sé, “agus an casán so go deo arís, dá mbeinn am aonar bhíos caillte”.
    Tá an “Féar Gortha” ar chasán ar leacain Cnuic Bhreannain ó’n dtaob thiar.
    Tomás Breathnach, 72 bl. ó’n athair féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72